Abbey Tavern
An Chuallacht: 1912 – 2002
Baineann an láithreán seo úsáid as PHP GeoURL |
Litir na Seachtaine 4/2/2003
TRADFEST 2003
Tá an t-am druidthe linn arís - ón 5ú-11ú Feabhra, beidh fonn, rann, agus rí-rá le cloisteáil ar fud na cathrach, agus ar nós Seachtain na nGiobal, beidh muintir na cathrach ag creathamh a gceann, ag rá "Scoláirí glórthacha arís". Beidh féile cheoil traidisiúnta mhór na bliana, TRADFEST, á n-eagrú ag an gCumann (craiceáilte) Ceoil Traidisiúnta, ar siúl arís, ag tosnú ar Dé Céadaoin sa Seomra Caidrimh. Tá cáil ar an bhféile seo, fiú taobh amuigh de na gcoláistí, i measc pobal cheoil na tíre mar go mbíonn an-chraic ag gach duine a bhíonn páirteach ann, idir cheoltóirí agus éisteoirí. Oícheanta go maidin, gan dabht. Tá an fhéile seo ar an bhfód le 25 blian i mbliana, agus mar a bheifeá ag súil leis, tá sé chomh bríomhar láidir ó shin. Tá leathanú tagtha ar an bhféile chomh maith le blianta beaga anuas, a léiríonn na difríochtaí a bhaineann le féile a eagraíonn daoine óga (ar an mór-chuid) ar son daoine óga (ar an mórchuid!). Le haghaidh an tríú blian as a chéile, beidh Comórtas Cumadóireachta ar siúl san Spailpín Fánach ar Dé Satharn 8ú Feabhra ag a 1.30in. Síntear isteach na tiúin roimh na Nollag agus bíonn cinneadh an mholtóra déanta roimh an lá mór, ach tugtar seans do dhaoine na portanna nua a chloisteáil á chasadh ag na gcumadóirí. Is iomaí uair a d'éist mé le daoine ag caitheamh anuas ar an portanna 'nua-chumtha' seo, ag rá "níl maith ar bith leo le h-ais na sean-chinn" agus mar sin. Ach tarlaíonn an rud ceanainn céanna do gach glúin. Daoine ag bíogadh go cabach, agus daoine eile ag baint spraoi as an rud. Away libh a deirimse - níl ann ach spraoi agus taitneamh a bhaint as fhéith chruthaíoch an cheoil atá go smior sna daoine atá ag cumadh, idir óg agus sean. Murach cumadóirí, ní bheadh ceol ar bith! Rud suntasach is ea an t-áird a thugtar don ghlúin óg, agus is so-thuigthe atá a leithéad de dhearcadh i measc scoláirí tríú-leibhéal. Beidh Ceolchoirm an Ghlúin Úr (The Next Generation Concert) ar siúl san Lobby Bar ar Dé Domhnaigh, agus níl aon áit eile ar chóir duit a bheith an lá sin ach ansin i lár an aonaigh! Tugann an fhéile seo seans do dhaoine óga nach bhfeictear ar mhór-árdáin an cheoil sách minic, agus tréaslaím leis an gCumann Ceoil Traidisiúnta as ucht an traidisiún seo a choinneáil ag imeacht - mol an óige agus tiocfaidh sí. -- Deirdre Ní Chonghaile
|
E-phost
|