An Chuallacht

Baile / Home
Coiste (committee)
Bunreacht (Constitution)
Imeachtaí na Seachtaine (Weekly events)
:: Abbey Tavern
:: Áras na Díge
:: Seomra Caidrimh
Imeachtaí na Bliana (Annual events)
:: Spraoi Cois Laoi
:: Seachtain na Gaeilge 2003
:: Idir Súgradh agus Dáiríre 2002
Litir na Seachtaine
Griangraifeanna (Photographs)
Clár Plé (Discussion board)
SU Message Board
Nuachtlitir (Newsletter)
Naisc úsáideach (Useful links)
        Fógraíocht & Poiblíocht

Pleidhcíocht

Tradsoc sa Lobby

Abbey Tavern
Tabhairne na Mainistreach
Tradsoc sa Lobby
An bhfuil tú caillte? Féach an léarscáil >>

An Chuallacht: 1912 – 2002

PHP ElephantBaineann an láithreán seo úsáid as PHP

GeoURL
An Chuallacht Ghaolach - Bunreacht 1946

1) Téideal:
"An Chuallacht Ghaelach" is ea ainm don gcumann.

2) Cuspóirí agus aidhmeanna:
Caoi do thabhairt do mhicléinn an Choláiste teacht le chéile, díospóireachtaí do dhéanamh ar pheaipéirí agus ar rúin a tairgtear agus céiilithe ag us imeachtaí eile do rith. An Ghaeilge do bheith in a haon teangain oifigiúil ag an gCuallacht.

3)Ballracht:
Mic-léinn an Choláiste atá cláraithe i gcóir an Chumainn agus céimithe a mholfaidh an Coiste a bheith ina mbaill den Chuallacht.

4)Cruinnithe.
Crúinniú seachtainiúil a shocrúAn coiste do cheapadh uair agus áit na gcruinnithe san. Neart don Choiste cruinniú do chur ar at

5)Duine de lucht mhúinte an Cholaiste do bheith ina Uachtarán ar an gCuallacht. An t-Uachtarán ar an gCuallacht. An t-Uachtaran san do thoghabh ag an gCruinniú Chinn Bliana. Féadfaidh an Cruinniú Chinn Bliana. Leas-Uachtaran nó leas-Uachtaráin d'ainmiú chomh maith.

5a)Coiste ar a mbeith Reachtaire, leas-Reachtaire, "eagarthóir AN SIOL, Rúnaí agus baill eile a bheith i mbun oibre na Cuallachta.

(a) An Coiste do thogadh ag an gCruinniú Chinn Bliana a tionólfar roimh an ceathrú lá déag de Bhealtaine.

(b) An rúnaí oinigh d'fógairt am agus áit an chruinnithe sin, deich lá ar a luíodh roimh ré.

(c) Gan éinne bheith lontafa don choiste ná raibh ina bhall den Chuallacht sa tseisiún caithte agus nár lathair 3 h-uaire sa tséisiún san ag cruinnithe na Chuallacht taobh amuigh de chainnt ar phoinnrí eagair. Ní ghlchfar le léamh miontuairiscí mar "labhairt".

(d) Gan vóta bheith ag éinne ná raibh in a bhall den Chuallacht, sa tseisiún caithte.

(e) Ainm gach iarrthóra maille le tuairisc ar a chúrsa léinn agus ar bhliain an chúrsa ina scríbhinn féin, agus siniú triúr moltóirí leis, do chuir isteach go dtí an Rúnaí cúig lá ar a luíod roimh lá an Chruinnithe Chinn Bliana. Na moltóirí sin a bheith ina mbaill den Chuallacht.

(g) Gan cead ag éinne thar duine amháin do mholadh d'feadhmannas a bhfuil sé féin ina iarrthóir ar.

(h) Úachtarán na Chuallachta nó an té a ainmíonn seisean do dhul i gceannas an Cruinnithe Chinn Bliana.

(i) An toghchán do dhéanamh tré vótáil fholaithe.

(l) Aon chonstaic i gcoinnibh iarrthóra a bhíonn tofa do chur chun Uachtarán na Cuallachta laistigh de thrí lá tar éis an Chruinnithe Chinn Bliana agus síniú cúig dhuine dhéag de bhaill na Cuallachta don tseisiún caithte do bheith leis. An t-Uachtáran d'fhógairt, más gá, toghacháín nua a dhéanfar leistigh de cheithre lá déag ón gCruinniú Chinn Bliana agus a riarfar ar nós an Chruinnithe sin. An chonstaic sin bheith de bhárr neamhchoimhlíonadh nó briseadh na Rialacha thuas, agus gan feidhm do bheith aici ar na baill eile a toghadh ar an gCoiste nua.

(m) Gan cead ag aooinne a bheith ina iarrthóir ar níos mó ná dhá fheadhmannas sa mbliana ceeadna. Iarratas fé leith a chur isteach ar gach fheadhmannas díobh. (Gan cead ag aoinne glacadh Acht le feadhmannas amháin)

(n) An rúnaí d'fhogairt (go puiblí) fáisnéise sin na niarrthóirí dhá lá roimh dáta an Chruinnithe Chinn Bliana -tar éis don choiste a bheith sásta leó, agus lán-chómhacht a bheith ag an gCoiste chuige sin. Caithfidh an Coiste cúiseanna sgríobhtha a thabhairt don té ná glacfar lena iarratas.

(o) An Reachtaire imteachtach do bheith de bhrí oifige 'na bhall den Choiste nua, acht é bheith 'na bhall den Chuallacht. Gan cead bhiethag an Reachtaire cur isteach ar fheadhmannas.

(7) Sealbh Feadhamnnais. Ball an Choiste a bhíonn tofa, do bheith i bhfeadhmannas i gcóir na haithbhliana agus gan iad a bheith i onchurtha as feidhm ach amháin ag Cruinniú Generálta Speisialta a tionólfar ar Fhuráileamh 40 ball de bhaill na Chuallachta. Trí ceathramhna des na baill a bhíonn i láthair ag an gCruinniú san do thoiliú le toghchán nua sar a bhféadfar é dhéanamh. An toghchán nua san do riaradh agus d'fhógairt ar aithris an Chruinnithe Chinn Bliana. (Ní deanfar an toghchán ag an gCruinniú speisialta san).

(8) Leasú an Bhunreachta. An Bunreachta seo bheith dosháruithe dosleasuithe ach amháin ag Cruinniú Chinn Bliana nó ag Cruinniú Generálta Speisialta, agus dhá dtrian breise dá mbíonn i láthair do thioliú chuige. Fógra gluaiseachta leasúcháin do bheith ag an Rúnaí seacht lá roimh an gCruinniú Chinn Bliana nó cúig lá roimh an gCruinniú Generálta Speisialta san. Gan aon leasú bheith i bhfeidhm chun go dtoileóch Uachtarán an Choláiste leis agus do bhfógróigh an Reachtaire san.

(9) Bonn óir a bhronnadh ar an gcainnteóir dob fhearr i rith an tSeisiúin, agus bonn airgid a bhronnadh ar an gcainteóir ab fhearr sa Céad Bhliain, ag an Mór-Chruinniú, gan níos mó ná £3 a chaitheamh ar na boinn sin. An coiste imeachtach do thóghadh na gcainnteóirí sin agus a n-ainmneacha d'fógairt ag an gCruinniú Chinn Bliana.

(10) Dualgas a bheith ar an gCuallacht Irisleabhar na Cuallachta a fhoillsiú roimh dheire an chéad an chéad téarma gach bliain;(An Síol).

(11)Cóip den mBunreacht so agus des na rialacha seasta do bheih ar fáil laistigh de thrí lá ag aon bhall ach iarratas scríte a chur chuig an Rúnaí.

Áiseanna:
Ionad na Gaeilge Labhartha

Message Board

Join our mailing list
Cuardaigh An Foclóir Beag
E-phost
Déan teaghmháil linn:
gaeilge@www.ucc.ie
Scéalta, fógraíocht, smaointe srl chuig an seoladh thuas.