Abbey Tavern
Tabhairne na Mainistreach
An bhfuil tú caillte? Féach an léarscáil >>
An Chuallacht: 1912 – 2002
Baineann an láithreán seo úsáid as PHP
GeoURL
|
Idir Súgradh Agus Dáiríre
"Comórtaisí agus Siamsaíocht do mhic léinn na hEireann"
Seo tuairisc ar cheann d'imeachtaí na bliana cois Laoi.
'Súgradh cois Laoi'
Reáchtáladh an fhéile, 'Idir Shúgradh agus Dáiríre' i gColáiste
na hOllscoile, Corcaigh ag deireadh na seachtaine, 8-10 Márta. Buaicphointe
dheireadh na seachtaine ab ea Comórtas Díospóireachta Ghael-Linn na
gColáistí. Bhí uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí, ina
chathaoirleach is i measc na moltóirí do bhí Niall Ó Murchadha, Roinn
na Fisice, C.O.C., a thug an-chaint uaidh ag deireadh na hoíche.
B'é Ré Ó Buachalla, Reachtaire na Cuallachta, as an Sciobairín, a thug leis
an gradam don gcainteoir ab fhearr ach b'iad mná an Iarthair a tháinig
aniar aduaidh ar fhoireann 'I' Chorcaí sa deireadh nuair a bheartaigh
na moltóirí gur thugadar an svae leo. An rún a bhí ann ná 'Tá an ghloine
leathfholamh,' is deirtear go raibh cúpla buidéal folamh san Aula Maxima
sular thosnaigh an mholtóireacht, fiú! B'iad san ná Muireann Ní Chuív
agus an Aisling Ní Cheallaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Comhghairdeachas
leo mar bhuaiteoirí is le gach éinne a bhí rannpháirteach in imeachtaí
dheireadh na seachtaine. Tháining foireann 'I' Chorcaí sa tarna háit
is b'iad san Séamus Ó Ceallaigh is Mairéad Enright.
I ndiaidh na sárócáide sin ghaibh gach mac máthar i dtreo dúthaigh an Fhaolánaigh chun cluas
a thabhairt do Mhairéad Nesbitt, YUP, is d'oscailt Sheachtain na Gaeilge.
I measc na n-imeachtaí a bhí ar bun bhí Comhrac Sumó, peil is sacar,
drámaíocht, rásaíocht na naomhóg le Meitheal Mara, Tórramh, traidisiúnta,
babhláil, céilithe, comórtas Gael na bliana, Milliúnaí na mac léinn
2002. Thug an Coiste Cultúrtha Náisiúnta, Foras na Gaeilge, Gael-Linn,
Conradh na Gaeilge is Beamish urraíocht don bhféile.'
|
Bhí "Idir Súgradh agus Dáiríre"
ar siúl anuraidh i gCorcaigh idir an naoú agus
an deichiú lá de Mhí Marta.
Beimid ag buaileadh lena chéile ar dtúis
i gClub Áras chun deoch nó dhó a fháil,
ar aghaidh linn go dtí Áras na Díge le haghaidh
an oscailt oifigiúil. Beidh 'Cheese and Wine Reception"(beidh
níos mó fíona dár ndóigh!)
Raghaimid as sin go dtí "Amharclann na Gréinsí"
chun an sár-dráma "Baibre Rua" a fheiscint.
Caithimid deireadh na hoíche i gClub Oíche éigint.
Ar aghaidh linn ansin go cóisir i dtigh duine cneasta,
soundáilte. N'fheadar cé hé nó hí
fós ach beimid buíochas dóibh go deo!
Tar éis an mhaidin ina dhiaidh a chaitheamh
inár leapacha, ligfimid ár scíth sa "Spailpín
Fánach" ag éisteacht le seisiúin cheoil.
Tá súil againne go mbeidh deireadh seachtaine den
scóth ag nách aon duine a bheith páirteach.
|
Seo alt as 'An Focal' ó Ollscoil Luimní:
Turas go Corcaigh.
Bhuel, tá an Ghaeilge lag sa choláiste ach
cinnte níl sí marbh. Bhí S na G go hiontach. Thosaíomar leis an
dturas IDIR SÚGRADH AGUS DÁIRÍRE go dtí Ollscoil na hÉireann, Corcaigh
chun bheith i láthair don oscailt oifigiúil do Sheachtain na Gaeilge
na mac léinn. Bhí trí ollscoil páirteach sa deireadh seachtaine.
Chuaigh naonúr ón O.L. Ba dheis mhaith í don Cumann 'Spraoi' as
O.L. muintir ón gCumann bualadh leis na cumainn Ghaeilge ó na hollscoileanna
eile; 'Comhlacht' [?? - "An Chuallacht" b'fhéidir! &emdash; Eagarthóir]
ó Ollscoil na hÉireann, Corcaigh agus 'Cumann Craic' ó Choláiste
na hOllscoille, Gaillimh.
Chuir an mock sochraid agus tórramh traidisiúnta
tús iontach leis an deireadh seachtaine. Bhain chuile dhuine an
taitneamh as an bpleacaíocht leis an gcónra. Bhí céilí mór tar éis
sin. Féach ar an ngriangraf thíos. Ar an Satharn agus muidne tinn
den óil, chuamar ag ramhaíocht i naomhogaí ar an Laoi. Ba é sin
an chéad uair do a lán den ngrúpa bheith páirteach i ngníomh mar
sin. Ní raibh chuile dhuine ábalta snámh ach bhí an misneach againne
dul amach ar aon nós.
Oíche Dé Sathairn bhí díospóireacht Gael Linn
ar siúl agus ghlac O.L. páirt inti. An rún a bhí á phlé ná, "Tá
an ghloine leathfholamh." Bhíomar i gcoinne an ruin agus phléamar
cúrsaí laethúil agus cúrsaí ón dtimpeallacht chun ár gcás a chur
in iúl. Chailleamar tar éis iarracht mhaith ó gach duine, áfách.
Leanamar ar aghaidh ansin go dtí an club oíche Half Moon chun an
banna ceol "Yup!" le Mairéad Nesbitt a chloisteáil. Bhí siadsan
go hiontach, an-chosúil le Kíla le funky trad. Ansin bhí DJs ann
agus d'oscail Tomás Mac Ruairí, Úachtarán Chonradh na Gaeilge an
tseachtain go hoifigiúil. Lean an oíche ar aghaidh go dtí na huaireanta
luaithe sa mhaidin le séisiún ceoil trad i mBrú ina Laoi.
An tráthnóna tar éis, bhí caint agus cumarsáid sa Spailpín Fánach. Caithfear
buíochas mór a ghábháil le Niall Ó hÉanacháin (Oifigeach na Gaeilge
le AMLÉ), muintir Chorcaí agus muintir na Gaillimhe le haghaidh
an deireadh seachtaine. |
CLÁR AMA NA hIMEACHTAÍ 2002
Aoine, 8 Márta:
Dráma nua chumtha "Dóramh sa Sean Bhéan".
6.00 in, Aula Maxima, 4 euro.
Céilí. 9.30 in, Shandon Court. 5 euro.
Bus ón Esso Station.
Satharn, 9 Márta
Rásaí Naomhóga ar an Laoi.
12.30 in, Lee Fields.
Comórtas Náisiúnta Díospóireachta
6 in, Aula Maxima
Oíche san Half-Moon le Mairéad Nesbitt, Yup agus Funk-Bhuachaillí an Iarthair.
CLÁR AMA NA hIMEACHTAÍ 2001
Dé hAoine: 8:30 Bualadh le chéile i 'gClub Áras'.
9:00 Cheese and Wine Reception. "Baibre
Rua" in Amharclann na Gréinsí.
Dé Sathairn: 2:30 Poc fada, Sumo Wrestling, agus "Slippery Pole
Competition" agus in ionad na himeachtaí
sin is féidir glacadh páirt i díospáireachta
agus beidh duaiseanna mór ag baint le sin.
Dé Domhnaigh: 2:00 Séisiún cheoil sa 'Spailpín Fánach'
|
E-phost
Déan teaghmháil linn: gaeilge@www.ucc.ie
Scéalta, fógraíocht, smaointe srl chuig an seoladh thuas.
|