TRADFEST 2003
Anois teacht an earraigh 's beidh an lá 'dul chun síneadh
'S tar éis na Féil' Bríde árdóidh mé mo sheol
Ó chuir mé 'mo cheann é ní chónóidh mé choíche
Go seinnfidh mé thíos i lár Chorcaigh an cheoil.
Ag seisiún na macléinn a bhéas mé an chéad oíche,
Ins an Lobby taobh thíos de 'thosós mé ag ól,
Go céilí na Satharn a rachad ag rince,
'S ní fhillfid mé abhaile gan port i mo dhód.
|
Tá an t-am druidthe linn arís - ón 5ú-11ú Feabhra, beidh fonn, rann, agus
rí-rá le cloisteáil ar fud na cathrach, agus ar nós Seachtain na nGiobal,
beidh muintir na cathrach ag creathamh a gceann, ag rá "Scoláirí glórthacha
arís". Beidh féile cheoil traidisiúnta mhór na bliana, TRADFEST, á n-eagrú
ag an gCumann (craiceáilte) Ceoil Traidisiúnta, ar siúl arís, ag tosnú ar
Dé Céadaoin sa Seomra Caidrimh. Tá cáil ar an bhféile seo, fiú taobh amuigh
de na gcoláistí, i measc pobal cheoil na tíre mar go mbíonn an-chraic ag gach
duine a bhíonn páirteach ann, idir cheoltóirí agus éisteoirí. Oícheanta go
maidin, gan dabht.
Tá an fhéile seo ar an bhfód le 25 blian i mbliana, agus mar a bheifeá ag
súil leis, tá sé chomh bríomhar láidir ó shin. Tá leathanú tagtha ar an bhféile
chomh maith le blianta beaga anuas, a léiríonn na difríochtaí a bhaineann
le féile a eagraíonn daoine óga (ar an mór-chuid) ar son daoine óga (ar an
mórchuid!). Le haghaidh an tríú blian as a chéile, beidh Comórtas Cumadóireachta
ar siúl san Spailpín Fánach ar Dé Satharn 8ú Feabhra ag a 1.30in. Síntear
isteach na tiúin roimh na Nollag agus bíonn cinneadh an mholtóra déanta roimh
an lá mór, ach tugtar seans do dhaoine na portanna nua a chloisteáil á chasadh
ag na gcumadóirí. Is iomaí uair a d'éist mé le daoine ag caitheamh anuas ar
an portanna 'nua-chumtha' seo, ag rá "níl maith ar bith leo le h-ais na sean-chinn"
agus mar sin. Ach tarlaíonn an rud ceanainn céanna do gach glúin. Daoine ag
bíogadh go cabach, agus daoine eile ag baint spraoi as an rud. Away libh a
deirimse - níl ann ach spraoi agus taitneamh a bhaint as fhéith chruthaíoch
an cheoil atá go smior sna daoine atá ag cumadh, idir óg agus sean. Murach
cumadóirí, ní bheadh ceol ar bith!

Rud suntasach is ea an t-áird a thugtar don ghlúin óg, agus is so-thuigthe
atá a leithéad de dhearcadh i measc scoláirí tríú-leibhéal. Beidh Ceolchoirm
an Ghlúin Úr (The Next Generation Concert) ar siúl san Lobby Bar ar Dé Domhnaigh,
agus níl aon áit eile ar chóir duit a bheith an lá sin ach ansin i lár an
aonaigh! Tugann an fhéile seo seans do dhaoine óga nach bhfeictear ar mhór-árdáin
an cheoil sách minic, agus tréaslaím leis an gCumann Ceoil Traidisiúnta as
ucht an traidisiún seo a choinneáil ag imeacht - mol an óige agus tiocfaidh
sí.
-- Deirdre Ní Chonghaile