Abbey Tavern
Tabhairne na Mainistreach
An bhfuil tú caillte? Féach an léarscáil >>
An Chuallacht: 1912 – 2002
Baineann an láithreán seo úsáid as PHP
GeoURL
|
Spraoi Cois Laoi 2003 .::. 1ú – 5ú Nollag
Anseo faoi dheireadh - Spraoi Cois Laoi 2003. Beidh sé ar siúl i rith
an chéad seachtain de mhí na Nollag. Seachtain bhreá, bhríomhar, 's anamiúil
i gcónaí is í Spraoi Cois Laoi.
Beimid ag tosnú le Oíche Oscailte agus Céilí Mhór i Jury's ar an Luan.
Dé Máirt beidh tórramh traidisiúnta ar siúl i rith an lae agus beidh sé
ag ath-thosnú arís istoíche san Abbey Tavern. Ar an gCéadaoin beidh ceolchoirm
ar siúl am lóin sa tSeomra Caidrimh leis an gCumann Ceoil Tradisiúnta
agus beidh Oíche Shiamsaíochta an oíche sin le Ger Wolfe, John Spillane
agus Louis de Paor, gan dabht beidh sár-oíche ann. Déardaoin beidh lá
beomhar againn - ag tosnú sa tSeomra Caidrimh idir 12 agus 2. Um thráthnóna
beidh iomáint faoi dhíon sa Mardyke Arena, ina dhiaidh sin beimid ag dul
go dtí Aras na Díge le haghaidh ceoil, ól, craic agus cainte.
Bí ag féachaint amach d'fhógraíocht agus do phóstéirí fé Spraoi Cois
Laoi. Beidh fáilte mhór roimh gach éinne- ní gá le Gaeilge líofa!!
"Is fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste"
Lisa Ní Shuilleabháin, Oifigeach Caidreamh poiblí
Oscailt
Oifigiúil le Aoi Speisialta @ Óstán Jurys
8.00 i.n. |
Dinnéar agus Céilí ina dhiaidh-- Ticéid ar €22 @ Ionad an Gaeilge
Labhartha (urlár an talún Áras Uí Rathaille, UCC.) |
10.30 i.n. |
Céilí Mór, le Máirtín de Cogáin agus "Nuada"
-- €7 Ticéid ó Ionad na Gaeilge Labhartha nó ar an doras. |
Dé Máirt (2/12/03)
12 - 3 i.n. |
Tórramh tradisiúnta (traditional wake) timpeall na hOllscoile.
-- Gléas suas agus bígí linn -- duais don feisteas is fearr! |
6 - 8 i.n. |
Ceardlann drámaíochta (workshop) le Liam Ó Mathúna.
sa tSeomra Caidreamh, Áras Uí Rathaille |
8:30 i.n. |
Abbey Tavern -- leanann an tórramh ar aghaidh le seisiún cheoil agus tráth na gceist. |
Dé Céadaoin (3/12/03)
1:15 i.n. |
Ceolchoirm leis an gCumann Ceoil Traidisiúnta
sa Sheomra Caidreamh |
8.30 i.n. |
Oíche Siamsaíochta agus Cheoil i Nancy Spains le: |
|
: : John Spillane agus Louis de Paor (The Gaelic Hit Factory)
: : Ger Wolfe
: : Muireann Nic Amhlaoibh le Danú
: : Tradsoc agus a gcairde
|
Dul isteach €5/€3 mic léinn (Admission €5/€3 with college ID)
|
Dé Déardaoin (4/12/03)
12.30 - 2 i.n. |
Diospóireacht Oscailte ar an nGaolainn mar theanga.
Ar siúl sa tSeomra Caidreamh le hAoi Chainteoir (duais don chainteoir
is fearr!) |
3 - 5i.n. |
Comórtas Iománaíochta faoi dhíon sa Mardyke
Arena
Foirmeacha iontrála le fáil in Ionad na Gaeilge Labhartha. |
8.30 i.n. |
"Fáilte thar n-ais" in Áras na
Díge, 13 Dyke Parade.
Ná chaill an oíche seo! |
Griangraifeanna ón bliain seo chaite
(photos from last year)
|
E-phost
Déan teaghmháil linn: gaeilge@www.ucc.ie
Scéalta, fógraíocht, smaointe srl chuig an seoladh thuas.
|