Más maith leat bheith ar choiste na Cuallachta 2004/2005, bí ag an gcruinniú go luath.
Fugitive na Cuallachta (17/3/2004)
Mí na Gaeilge: 16/2/04 - 12/3/04
Fugitive na Cuallachta - buaiteoir:
Ar deireadh, rugtar air. Chomhghairdeas le Olaf agus Gillian
a bhuaidh €1000 maidin Dé hAoine.
Lá 'le Pádraigh shona dhaoibh go léir ón gCuallacht
Fugitive na Cuallachta: buaiteoir inniu (3/3/2004)
Mí na Gaeilge: 16/2/04 - 12/3/04
Fugitive na Cuallachta - an scéal go dtí seo:
Dé Luain
Bhí an fugitive "ag ithe in Áras na Mac Léinn", agus má raibh tú ag éisteacht
leis an radió bhí a fhios agat go raibh ort seanfhocal a rá chun an duais a bhuachaint.
Ba é an seanfhocal ná "Tús maith leath na h-oibre." Ba bheagnach gur bhuaigh duine an duais,
ach níor abair sé/sí an seanfhocal leis an fugitive, so ní raibh an €100 buaite agus bhí
sé curtha leis an duais Dé Máirt.
Dé Máirt
Ar an Máirt bhí an fugtitive "ag usáid ríomhaire
faoi thalamh" agus ag caitheamh hata aisteach. Ní
raibh seanfhocal ar bith i gceist, agus de réir dealramh
bhí sé (nó sí!) á lorg ag daoine
sna saotharlann ríomhaireachta in íochtar Boole.
Níor rugtar ar an fugitive áfach, a bhí ag
úsáid ríomhaire i Q-1 sa leabharlann!
Dé Céadaoin
€300 a bhí ar fáil maidin inniu, agus bhuaigh
beirt mac léinn é. Bhí an fugitive i "bhfoirgneamh
éigin sa choláiste, ainmnithe tar éis duine,
agus le gloine ar an dtosach." Rugtar é in Áras
Uí Rathaille - bhí sé ag léamh páipéir
nuachtáin bun ós cionn. Beidh €100 ar fáil
arís maidin amárach, agus €200 - €400
Dé hAoine...
Fugitive na Cuallachta: duais €1,000! (29/2/2004)
Mí na Gaeilge: 16/2/04 - 12/3/04
Tá an-athas orainn comórtas an-speisialta a cur ar siúl i rith na coicíse seo chugainn,
le cabhair ó Foras na Gaeilge.
'Sé Fugitive na Cuallachta an comórtas úd, agus tá suas le €1000 le buachaint!
Éist le Raidió Campus Chorcaí 97.4FM gach maidin timpeall 10.50am
chun an 'clue' a fháil.
Caithfidh tú ceist a chur ar an fugitive "An tusa fugitive na
Cuallachta?" Tugfar nod (clue) gach maidin ar an raidió faoin
fugitive. Léireoidh an nod a chumadh agus an áit ina bhfuil sé
nó sí.
Má fhaigheann tú an duine cheart, buann tú suas le €1000.
Ní rugtar ar an Luain nó ar an Máirt é (nó í), so beidh duais €200
le buachaint ar an gCéadaoin. Cuirtear €100 breise ar an duais gach
lá nach faightear é. Dé hAoine an 5ú Márta, beidh 'double bonus' ar
fáil, i.e. má tá €300 i gceist, gheobhaidh tú €600.
Stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach (3/2/2004)
CRUINNIÚ POIBLÍ Public Meeting
STÁDAS NA GAEILGE SAN AE Status of Irish in the EU
6.00pm
DÉ CÉADAOIN, 18ú FEABHRA 2004 Wednesday, 18th February 2004
BOOLE 4
FÁILTE ROIMH CHÁCH All Welcome
Tuilleadh eolas / Further details :
Ar Son na Gaolainne >> [73Kb]
[30Kb]
Griangraifeanna Spraoi 2003 (6/1/2004)
Spraoi Cois Laoi 2003
Bhí Spraoi 2003 ar siúil idir an 1ú - 5ú mí na Nollag. Anseo feictear griangraifeanna
ón oscailt oifigiúil in Óstán Jurys, Seán Óg san áireamh! Chomh maith le sin, tá roinnt
pictiúirí den Céilí Mór, agus fiú giota scannán gearr le Máirtín agus Fionnán de Cógáin
ag déanamh rince na scuaba. Bhí torramh traidisiúnta agus tráth na gceist ar siúl san
Abbey Tavern ar an Máirt, agus chuireamar deireadh le Spraoi sa Mardyke agus Brunos oíche
Dé Déardaoin.
Anseo faoi dheireadh - Spraoi Cois Laoi 2003. Beidh sé
ar siúl i rith an chéad seachtain de mhí
na Nollag. Seachtain bhreá, bhríomhar, 's anamiúil
i gcónaí is í Spraoi Cois Laoi.
Beimid ag tosnú le Oíche Oscailte agus Céilí
Mhór i Jury's ar an Luan. Dé Máirt beidh
tórramh traidisiúnta ar siúl i rith an lae
agus beidh sé ag ath-thosnú arís istoíche
san Abbey Tavern. Ar an gCéadaoin beidh ceolchoirm ar siúl
am lóin sa tSeomra Caidrimh leis an gCumann Ceoil Tradisiúnta
agus beidh Oíche Shiamsaíochta an oíche sin
le Ger Wolfe, John Spillane agus Louis de Paor, gan dabht beidh
sár-oíche ann. Déardaoin beidh lá
beomhar againn - ag tosnú sa tSeomra Caidrimh idir 12 agus
2. Um thráthnóna beidh iomáint faoi dhíon
sa Mardyke Arena, ina dhiaidh sin beimid ag dul go dtí
Aras na Díge le haghaidh ceoil, ól, craic agus cainte.
Bí ag féachaint amach d'fhógraíocht
agus do phóstéirí fé Spraoi Cois Laoi.
Beidh fáilte mhór roimh gach éinne- ní
gá le Gaeilge líofa!!
"Is fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste"
Scoláireachtaí Gaeltachta 2003 (27/9/2003)
Bhí na scoláireachtaí ar siúil arís i mbliana, agus bhí an-chraic againn thiar i gCorca Dhuibhne. Mura raibh tú ann,
bí ag tnúth le scéalta faoi exploding dolphins, an asal a ligeann broim as go rialta, agus "The Irish monkeys that saved European culture".
Tá roinnt griangraifeanna curtha suas agam agus b'fhéidir go mbeidh níos mó ann i gceann seachtain
nó dhó. Má tá pictiúir agaibh, is féidir iad a thabhairt domsa (Micheál) agus scanáilfaidh mé iad.