Postaer - Tagann ceann nua amach beagnach gach seachtain, agus
fiú go bhfuil sé deacair teacht ar na smaointe úra, bíonn saghas greann difriúil ar gach ceann chun an teachtaireacht a chur in iúl.
...
'Fliers' - Tabharaimím amach na billeoga beaga seo go minic timpeall
na coláiste -- taobh amuigh Áras Uí Rathaille, Áras na Mac Léinn, an leabharlann agus na hallaí léachta. Tá eolas orthu faoi imeachtaí
seachtainiúil atá eagraithe ag an gCuallacht, sin é oíche sa theach tabhairne gach Máirt, agus cupán tae agus cainte sa sheomra caidreamh
gach Déardaoin. Fiú tá léarscáil beag ann chun a theaspáint do gach éinne cá bhfuil an teach tabhairne!
Flier 2002/03
Bainimím usáid as 'billboards' ó am go h-am --
cabhraíonn sé le rud éigin a chur in aigne na mic léinn nuair atá imeachtaí móra ar siúl.
Bhí an seastán thíos ar chlé in usáid againn i rith Spraoi Cois Laoi 2003,
chun ticéid a dhíol agus chun eolas a scaipeadh faoi na h-imeachtaí go léir. Bíonn seastán againn ag lá na gcumann chomh maith,
agus i rith na bliana tá gach saghas eolas ar fáil sa sheomra caidreamh, ar an mbord taobh amuigh Ionad na Gaeilge Labhartha, ar
an gclár fógraíocht sa sciathán thiar, agus áiteanna eile ar fud na coláiste.